|
Achoimre|Tréithe an Bhéaloidis|Na Carachtar|Téamaí
Achoimre
-
Tús
Cuirtear eachtraí in iúl trí shúile an údair
Is tréidlia í
Tá an scéal bunaithe ar eachtra amháin a bhain do choileach Shally Tom Mhóir
Ní ghnáthchoileach é
-
An teach tabhairne
Bhí an t-údar sa teach tabhairne go minic ar an Aoine
Fuair sí pionta go minic mar íocaíocht
Téann an scéal siar bliain go dtí an oíche a bhronnadh “bonn óir na gcoileach” ar Oisín
Bhí Sally ann an oíche sin
-
Sally ag maíomh
Dúirt Sally go raibh Oisín ábalta 20 cearc a shásamh
Go raibh sé ábalta “é” a dhéanamh 30 uair gach lá
Tugadh an “Coilichín” ar a fear céile
-
An coileach
Ar ais arís san aimsir láithreach
Ní scairteann Oisín ar maidin
Níl suim aige sna cearca eile
Rinne an tréidlia scrúdú air
-
Cuairt an tréidlia
Dúirt an tréidlia go dtabharfadh sí cuairt ar Shally
D’iarr sí uirthi an raibh cónaí uirthi i nGleann Phádraig
Fuair sí freagra an-ait
-
Mallacht
Bhí an ‘Coilichín’ sa teach tabhairne
Rinne sé tagairt don mhallacht “an mallacht a chuireann Pádraig, scaoileann Pádraig”
Mhol an tábhairneoir dó fáil réidh leis an gcoileach
-
Oisín
Thug an tréidlia cuairt ar Oisín lena cúntóir Jim
Bhí cuma ainnis ar Oisín
Scrúdaigh an cúntóir é ach níor éirigh leis aon bhreithiúnas a thabhairt air.
-
Plean an údáir
Mhol sí don bheirt an coileach a chur faoin leaba nuair a bhí siad ag déanamh lánúnachas le chéile
Bhí sí lánchinnte go raibh an coilichín ag iarraidh an coileach a mharú
Bhí an cró dorcha d’aonghnó
Bhí sé ag tabhairt síol iúir don choileach
É seo go léir toisc go raibh a bhean comh-tógtha leis an gcoileach – ní raibh aon suim aici ann
Tréithe an Bhéaloidis
-
Tá an scéal bunaithe ar eachtra amháin
-
Cloíonn an t-údar le hábhar an scéil, easpa barraíocht
-
Tús obann – tá an léitheoir i lár an scéil ó thús, níl aon réamhrá fada
-
Modh inste
is é an tréidlia an t-údar
caint díreach
tarlaíonn a lán den scéal sa teach tabhairne
-
Béaloideas – rian láidir de sa scéal
mallacht
leigheas ar an gcoileach
nósanna na háite
-
Greann
suíomh – áiféiseach
carachtar – an gaol idir sally agus a fear céile
leasainm – an Coilichín
-
Ceacht
Aird a thabhairt ar d’fhear céile
Ní leor an eolaíocht i gcónaí
Na Carachtair
-
An tréidlia
greannmhar
tuisceanach
ceannródaí ina gairm
meas ag muintir na háite uirthi
ciallmhar
-
Sally
cainteach
róbhródúil as an gcoileach
níor thug sí a dóthain aird ar a fear chéile
-
An fear céile
in éad leis an gcoileach
bhain sé díoltas amach
cúthail, bréan den mhagadh
Téamaí
-
Nósanna na tuaithe, piseoga, díoltas, leigheas, éad agus grá.

|